Lá Domhanda na Leabhar, 2 Márta — tabhair leabhar mar fhéirín don léitheoir beag!

Colmán Ó Raghallaigh

Tá cáil ar Cholmán Ó Raghallaigh mar scríbhneoir do pháistí agus do dhaoine óga agus tá an-tóir ar a chuid leabhar. Ina measc siúd tá an tsraith úrscéalta grafacha atá scríofa aige bunaithe ar scéalta staire is miotaseolaíóchta.

I 2002 foilsíodh An Sclábhaí, an chéad úrscéal grafach Éireannach. Insint úr shamhlaíoch ar ghabháil agus éalú Naomh Pádraic atá ann agus ghnóthaigh sé Duais Bisto dó. Tá trí cinn eile scríofa aige ó shin: An Tóraíocht (2003), An Teachtaire (2004) agus An Táin (2006).

Ghnóthaigh sé duais eile Bisto i 2003 agus duaiseanna aitheantais an RAI agus an Oireachtais i 2003 agus 2004 faoi seach.

Tá an grá agus and t-éad fite ina chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann an banphrionsa álainn Gráinne an laoch mór Diarmaid faoi gheasa í a bhreith leis ón bhfear a bhfuil sí geallta dó. Ach is é Fionn mac Cumhaill ceannaire na Féinne an fear sin, agus nuair a bhaintear Gráinne de téann sé féin agus an Fhiann sa tóir ar dhíoltas. Sárinsint ó thús deireadh agus sárléiriú ealaíonta le Michael McGrath ar cheann de phríomhscéalta na fiannaíochta.

Tuilleadh
Táin Bó Cuailgne, agus mar a chosain Cú Chulainn Cúige Uladh ar Mhéabh banríon Chonnacht agus ar ollsluaite na hÉireann. Seo é mór-scéal laochais na Gaeilge, agus é insithe agus léirithe go healaíonta ag Barry Reynolds san úrscéal grafach seo.

Tuilleadh
Úrscéal grafach bunaithe ar cheann de mhórscéalta na Gaeilge, Oidheadh Chlainne Uisnigh. Leanann an tragóid Deirdre ó lá a breithe, tragóid a thugann go hAlbain muid agus go bás uafásach in Eamhain Mhacha.

Tuilleadh
"Feicim contúirt mhór thar sáile chugainn... Fillfidh an sclábhaí." Sin an tuar a dhéanann Lochrú Draoi don Ardrí agus lucht a chúirte. Ach má fhilleann, an mbeidh fórsaí an Áibhirseora in ann a mhisean a chur ó mhaith? Nó an dtig leis dul i ngleic leis na draoithe agus an seanréimeas a chloí? Seo é an dara cuid de scéal eipiciúil Phádraic, é lán d'aicsin agus teannais., agus an triú húrscéal grafach le Colmán Ó Raghallaigh. Bhuaigh an chéad dá leabhar sa tsraith duaiseana Bisto i 2002 agus 2003 faoi seach.

Tuilleadh
Saol crua anróiteach an sclábhaí atá i ndán don Rómhánach óg, Pádraic, nuair a thugtar go hÉirinn é ag Niall na Naoi nGiallach. Ach nuair a thagann a dheis éalaithe tá contúirtí a dhóthain fós roimhe. Is ar óige Naoimh Pádraig atá an t-urscéal grafach seo bunaithe — an chéad úrscéal grafach a rinneadh in Éirinn! Ghnóthaigh sé duais Bisto i Mí Bealtaine 2002. 

Tuilleadh