Cathal Ó Searcaigh

File, scríbhneoir taistil, drámadóir agus úrscéalaí as Mín an Leá i nGort an Choirce é Cathal Ó Searcaigh.

Rugadh Cathal Ó Searcaigh i gCloich Chionnaola i nGaeltacht Dhún na nGall i 1956. Ba é Miontraigéide cathrach agus dánta eile (Cló Uí Chuirrín, 1975) a chéad chnuasach aonair. Foilsíodh Súile Shuibhne in 1983 agus ceithre bliana ina dhiaidh sin foilsíodh Suibhne. Bailiúchán de dhánta ar théama neamhghnách sa Ghaeilge, an grá aerach, atá in Na Buachaillí Bána (1996), agus foilsíodh an cnuasach Caiseal na gCorr i 2002. Tá cnuasach dá dhánta ar fad bailithe faoin teideal Ag Tnúth leis an tSolas 1975-2000 (2001), cnuasach a bhuaigh duais The Irish Times don litríocht sa Ghaeilge. Ball d'Aos Dána é Cathal Ó Searcaigh.

"If Ó Searcaigh digs deep, he also digs wide. Arabic poetry, the poetry of Li Bai, innumerable references to the Gaelic song tradition, these and other sources are all part of his poetic context." — Paddy Bushe, Poetry Ireland

Scéal ógfhir atá againn anseo agus an samhradh cinniúnach a chaith sé i dTeach an Gheafta i Mín na Móna i nGaeltacht Thír Chonaill agus é ag iarraidh a shaol casta a shoiléiriú agus a bhealach féin a aimsiú. Ní dhearmadóidh tú in aicearracht an samhradh seo i Mín na Móna. Seo saothar atá lán de ghreann a thógfas do chroí, de chomhbhá leis an duine agus leis an dúlra, de léaspairtí solais is de mheabhraíocht spreagúil; an stíl deisbhéalach, an scéal dúshlánach.

Is fada ó tháinig úrscéal Gaeilge ó Ghaeltacht Thír Chonaill, agus níl amhras ar bith ach gurb é oidhre na nGrianach an file agus scríbhneoir Cathal Ó Searcaigh.

Tuilleadh
I gcnuasach nua seo Uí Shearcaigh, tá a réim radhairc agus a raon tuisceana níos leithne ná riamh; an domhan sofheicthe agus an domhan dofheicthe á dtabhairt le chéile aige faoi gheasa glé an bhriathair; an léirfhocal cruinn agus an léargas grinn i dtolamh i bhfeidhm i ndéantús an dáin.
Tuilleadh