Tá Jeaic ag foghlaim faoi na sean-Ghaeil ar scoil. Ba bhreá leis a bheith beo thiar san am sin. Déanann sé meaisín ama le taisteal siar in am agus casadh leis an seanlaochra Gaelacha. Tá súil againn go n-oibreoidh an meaisín i gceart!
Tuilleadh
Tagann Jim Hawkins ar mhapa d’oileán a bhfuil órchiste i bhfolach ann. In éineacht leis an Dochtúir agus Trelawney, téann Jim chun farraige ar thóir an órchiste— ach tá buíon uafásach foghlaithe mara ag iarraidh teacht ar an órchiste céanna. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh

Frankenstein

€7.50
Tá an t-eolaí Victor Frankenstein ag iarraidh teacht ar rún na beatha. Cruthaíonn sé fathach mór gránna, ach cuireann an fathach sin scanradh chomh mór sin air go n-imíonn sé uaidh le faitíos. Éiríonn an fathach uaigneach, ar dtus – ansin feargach. Agus téann sé sa tóir ar an bhfear a chruthaigh é. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
Seanfhear é Don Cíochótae atá tugtha don seansaol. Tá an oiread leabhar faoi ridirí léite aige go gceapann sé gur ridire é féin. Téann sé féin agus a ghiolla Sancho Panza amach sa tóir ar eachtraí. Ach is ina intinn atá formhór na n-eachtraí, agus bíonn sé ag brath ar Shancho Panza lena thabhairt slán nuair a bhíonn sé i dtrioblóid. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
Tá deoch cheimice nua déanta ag Jeaic — deoch í a dhéanfadh dofheicthe thú. Tugann sé an deoch do Lúlú, agus bíonn Lúlú in ann éalú isteach sa teach gan fhios do Mhamaí. ch nuair a thiteann Mamaí bhocht thar Lúlú ceapann sí go bhfuil púca sa teach!
Tuilleadh
Tar éis briseadh loinge, caitear Guilivéar i dtír ar oileán lán le firíní beaga. Dona go leor, ach nuair a théann na firíní beaga i gcleachta ar mhéid ollmhór Ghuilivéir, iarrann siad air cabhrú leo ina gcogadh aghaidh a gcuid namhad. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh

6 Chlasaic

€40.00
Sraith sé phictiúrleabhar lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Ar na leabhair sa bhailiúchán tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste, Don Cíochótae, agus Camchuairt Ghuilivéir. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear na seanchlasaicí áille seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhair iad seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh

An Odaisé

€7.50
Os cionn dhá mhíle bliain ó shin bhí an gaiscíoch iontach Uiliséas ag troid i gCogadh na Traí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh uafásach sin, b’éigeann dó féin agus dá chairde aghaidh a thabhairt ar an aistear farraige abhaile go dtí an Ghréig. Ach bhí contúirtí móra amach rompu fós. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh
Fadó, i Verona na hIodáile a mhair Romeo agus Juliet. Cé go raibh fuath ag a muintir dá chéile, bhí Romeo agus Juliet go mór i ngrá. Ach tháinig an chinniúint agus a muintir féin sa bhealach ar an ngrá, agus tháinig deireadh tragóideach leis. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Tuilleadh