Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac

Rentrée Littéraire Leabhar Breac

Tagtha te bruite ó na clódóirí do Rentrée Littéraire an Fhómhair, tá dhá úrscéal ghrafacha nua a chuirfidh go mór leis an réimse agus le rogha na n-úrscéalta grafacha atá ar fáil anois i nGaeilige. Anuas air sin, tá úrscéal ó Mharseille chugainn, scéinséir dorcha a suitear ar shráideanna grianlasta na Meánmhara.

Hervé BourhisAr na húrscéalta grafacha is deireanaí ó Leabhar Breac tá na bandes dessinées Fraincise An Broc-Chú 2: Ar Ais i mBun Gnóthaí le Hervé Bourhis agus An Leathanach Bán le Boulet agus Pénelope Bagieu. Dhá cheann déag d'úrscéalta grafacha atá ar fáil ó Leabhar Breac anois, agus an rogha agus an réimse á leathnú gach bliain.

An Broc-Chú ar ais i mBun Gnóthaí

Te sna sála ar An Broc-Chú 1 (2016) tá Guy Farkas 'An Broc-Chú' ar ais againn leis an dara leabhar sa tsraith, agus é tar éis tréimhse a chaitheamh ar a theitheadh sa Bhrasaíl. Tá sé ar ais san Eoraip anois, agus é ar ar ais i mbun gnóthaí! Tá jab aige: teacht ar iarcheannaire an chomhlachta cógaísíocht idirnáisiúnta Duprat — fear atá ar a theitheadh ón dlí é féin — agus é a thabhairt ar láimh do na póilíní.

Pénélope Bagieu agus BouletTóraíocht é seo a thugann é ar láithreáin scannánaíochta craicinn go dtí cóisir dhrúisiúil i chateau faoi rún agus go cillín i bpríosún Francach. Fearacht an chéad leabhar sa tsraith, leabhar é seo atá cruálach scaití, scaití eile searbhasach, ach é thar a bheith greannmhar!

Leathanach Nua ó Phénélope Bagieu

Ón ealaíontóir céanna a scríobh Corp an Duine Uasail, tá An Leathanach Bán againn. Tosaítear ar an scéal leis an bpríomhcharachtar, bean óg sna fichidí, ag iarraidh teach chuici féin ar bhínse sráide i bPáras. “Beidh ‘chuile shórt go breá," ar sí. "Tá seoladh agam, agus ticéid ar an metro ... agus mapa de Pháras. Chuile shórt go breá. Tiocfaidh sé ar fad ar ais chugam faoi cheann nóiméid.” Níl cuimhne aici ar a hainm, nár ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá a cuimhne tar éis imeacht uirthi.

Le greann agus tuiscint, insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal na tóraíochta seo, tóraíocht na féiniúlachta. 

Agus, ag Teacht gan Mhoill....

I Mí Meán Fómhair a foilseofar an t-úrscéal próis (gan aon phictiúir an iarraidh seo!) Kíor Thuathail (Total Khéops) le Jean-Claude Izzo, scéinséir dorcha ó chósta na Meánmhara agus é aistrithe ag an bhfile Bernadette Nic an tSaoir.

Total KhéopsScéal triúr atá anseo, triúr a d'fhás suas in éindí ar shráideanna grianlasta Mharseille agus a raibh grá acu don aon chailín amháin, don ghiofóg álainn Lole. Dlúthchairde ab ea iad le linn a n-óige. Scarann an saol iad, ach tugann an bás ar ais le chéile iad. Scéal Mharseille atá ann freisin — ó chúlsráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort — agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad.

Foilseofar Kíor Thuathail i Mí Meán Fómhair agus seolfar é ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne.

© Leabhar Breac 2017

 

Fill ar News