Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac

Leabhar na Míosa: Filleann Seoirse

Ménage à trois a suitear i mBré, Contae Chill Mhantáin, is ea Leabhar na Míosa do mhí na Vailintíní. "Úrscéal réadúil liriciúil liteartha" dar le Angela Bourke, nó saothar "fileata" dar le hÉilis Ní Dhuibhne. In 2011 a foilsíodh Filleann Seoirse, an chéad úrsceal le hÉilis Ní Anluain, agus an chéad úrscéal sa triológ atá beartaithe aici.

Éilis Ní AnluainMaolinsint Chaolchúiseach  sa Traidisiún Eorpach

Is i dtraidisiún an úrscéil Eorpaigh atá an mhaolinsint chaolchúiseach Éireannach seo ar scéal na mblianta a mhair triúr óg ar scáth a chéile, ó theacht an strainséara go scaradh na gcompánach: 'Bhí Muiris stuama. Cuir leis sin an dearcadh rómánsach agamsa agus dearcadh tragóideach Sheoirse agus tá agat trí shleasa ár dtriantáin bhig.'

Seacht mbliana fhichead a bhí Lís agus níor bheag a bhí bainte amach aici. Fear maith aici, mac agus iníon orthu, agus iad ag cur fúthu i dteach beag gleoite cois abhann i mbaile cósta i gcóngar na cathrach. Mar sin féin bhí sí leamh den saol, nó shíl sí go raibh. 

In ainneoin an phaisin atá ar chúl na hinsinte, is go ciúin socair réidh a déantar cur síos ar imeachtaí an scéil, cur síos a ghluaiseann ar aghaidh go mall maorga mar a dhéanann an abhainn ar chúl an tí agus na laethanta, na seachtainí agus na séasúir a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo.

Dar leis an úrscéalaí Diarmuid Ó Gráinne, go raibh sa leabhar seo  "rud nach bhfuil déanta ag mórán úrscéalaithe Gaeilge .i. an teannas sa saol pósta agus an caidreamh idir dhaoine a léiriú. Míreanna an-láidir sa scéal a mheabhraíonn Virginia Woolf agus Simone de Beauvoir dom. Léirítear ann aigne agus íogair an tráchtaire go seoigh."

CotmanMothúcháin agus Machnamh i Lár an Scéil

"Ní úrscéal réadúil eile é seo ná baol air," a deir Dr Brian Ó Conchubhair, "ach úrscéal gríosaitheach, meabhraitheach, machnamhach. Más coitianta an t-úrscéal fealsúnachta i dteangacha eile na hEorpa is breac fánach fós a leithéid i litríocht na Gaeilge. 

"Seo scéal ina bhfuil cúrsaí smaointeoireachta, cúrsaí mothucháin  agus cúrsaí machnaimh lárnach seachas aicsean agus gníomhaíocht na gcarachtar. Pléisiúr é don léitheoir an leabhar seo a léamh, a athléamh agus a chogaint."

Cruacheisteanna á gCíoradh ó Thaobh na mBan De

"Cruthúnas é Filleann Seoirse," arsa an Conchubharach, "go bhfuiltear ag iniúchadh 'the problems of today fearlessly dealt with in Irish: the loves and hates and desires and doubts of modern men and women' mar a mhol an Piarsach i 1906.  Leag uait é seo go beo más leabhar deas éadrom atá uait; ábhar machnaimh é seo a ardaíonn ceisteanna. Leabhar as traidisiún na hEorpa a chuireann crot na scéalaíochta ar chruacheisteanna agus ar aincheisteanna é Filleann Seoirse ach iad á gcíoradh ó thaobh na mban de in Éirinn ár linne."

Tagann an strainséara isteach i saol na beirte, agus cuireann casadh nua ina scéal sula n-imíonn i ndeireadh an leabhair. Agus mar a deir an t-úrscéalaí  Alan Titley, "is eolgaisí gach aon duine mar gheall orthu féin fé dheireadh an leabhair."

 

Fill ar News