údair
Ficsean nua ó Leabhar Breac!
Togha na n-úrscéalta agus an fhicsin nua ar fáil ó Leabhar Breac, buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin 2007 agus 2008.
Hula Hul
Seán Mac Mathúna
€12.00 (bog), 104 lch; ISBN 978-0-898332-40-7
"Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d'fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D'fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh le bean." Insíonn Seán Mac Mathúna scéal Mhait Dálaigh, fear nach raibh...
An Cléireach
Darach Ó Scolaí
€15.00 (bog), 208 lch; ISBN 978-0-898332-33-9
Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an...
Hula Hul (clúdach crua)
Seán Mac Mathúna
€15.00 (crua), 104 lch; ISBN 978-0-898332-28-2
Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d'fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D'fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh le bean.
Insíonn Seán Mac Mathúna scéal Mhait Dálaigh, fear nach raibh...
An Dochtúir Áthas
Liam Mac Cóil
€12.50 (bog), 200 lch; ISBN 978-0-898332-18-5
An chéad úrscéal le Liam Mac Cóil, agus an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times.
Ba é mo dhochtúir féin a chuir chuige mé. “Tá galar ort,” a deir sé an lá seo, “nach bhfuil aon ainm air. Tá an Dochtúir Áthas an-sciliúil ina leithéid,” ar seisean. “Tá mé chun...
Seacht Lá na Díleann
Daithí Ó Muirí
€9.00 (bog), 148 lch; ISBN 1-898332-04-5
An chéad chnuasach gearrscéalta le ceann de na gearrscéalaithe is bisiúla sa tír. Scéalta láidre dorcha a théann faoi chraiceann an tsaoil agus a chuireann míshuaimhneas ar an léitheoir. Foilsíodh saothar leis freisin in Lá, Comhar, Oghma agus san Irish Times.
"Tá stíl shiúráilte scríbhneoireachta ag rith leis na scéalta seo......
Feis Tigh Chonáin
Darach Ó Scolaí
€12.00 (crua), 96 lch; ISBN 978-0-898332-09-5
Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois.
Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.
Am éigin sa 15ú...
Fontenoy
Liam Mac Cóil
€12.50 (bog), 192 lch; ISBN 978-0-898332-5-7
An t-úrscéal is deireanaí le Liam Mac Cóil, agus buaiteoir Ghradam Ui Shúilleabháin 2007.
In Chartres na Fraince fuarthas leathanaigh chlóbhuailte ón 18ú haois, agus tagairt d’údar mistéireach na bprofaí seo, an Captaen Seán Ó Raghallaigh. Ábhar an leabhair: Tuarasgbháil ar an gCath clúmhail ris a ráidhtear Fontenoy fearadh i bhFlóndras...
Bean na Ciotóige
T.S. Ó Maoilriain
€9.00 (bog), 132 lch; ISBN 978-1-898332-21-5
Scéinséir dubh dorcha a le T.S. Ó Maoilriain a thugann ó chúlsráideanna suaracha na hardchathrach sinn go marú brúidiúil faoi shleasa Bhinn Éadair.
Saothar breá bleachtaireachta ó údar a nascann caint chraicneach an iarthair le gairbhe na cathrach. Nuair a thagann custaiméir ag iarraidh air grianghraif a thógáil dá bhean en flagrant délire i seomra...
An Claíomh Solais
Liam Mac Cóil
€12.00 (bog), 104 lch; ISBN 978-0-898332-02-8
"Ba ansin a tharla sé. Ag stróiceadh aníos an bóthar mar a bheadh splanc dhubh thintrí ann. Le linn dó féin agus do Reiner a bheith ag cur deireadh le radharc cathréimneach an chlaímh go croíúil glórach, chonaic sé ag déanamh air é mar a bheadh neach dorcha éigin as ríocht na gréine..."
Úrscéal a suitear i Ráth Chairn na Mí...
An Ceithearnach Caolriabhach
Darach Ó Scolaí
€20.00 (crua), 56 lch; ISBN 978-0-898332-14-2
“Chonaiceadar óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh taobh thiar dá thóin, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga, barra a dhá chluas amach trína sheanbhrat....”
Leis sin cuirtear tús le hathinsint ar scéal a chum scríbhneoir anaithnid 500 bliain ó shin ina ndeantar cur síos greannúr ar na himeachtaí a chuireann idir thaoisigh, ghallóglaigh,...
Lár an Domhain
Beairtle Ó Conaire
€12.00 (bog), 104 lch; ISBN 978-0-898332-34-62
Duaisleabhar gearrscéalta ón úrscéalaí agus gearrscéalaí aitheanta, Beairtle Ó Conaire. Bronnadh Duais an Oireachtais ar an gcnuasach seo in 2004.
"Scríbhneoir gairmiúil is ea Beairtle Ó Conaire a bhfuil sé de bhua aige, maraon leis an ngearrscéalí Ciarraíoch, Seán Mac Mathúna, friotal simplí fileata a chur ar mhórcheisteanna an duine. Sa...

nuacht
-
Eagrán bog de Hula Hul
Tá eagrán nua den úrscéal mórdhíola le Seán Mac Mathúna, Hula Hul, ar fáil anois faoi chlúdach bog. €12.00 atá ar an eagrán seo, agus beidh sé ar díol i siopaí leabhar na tíre idir seo agus Nollaig. Tá an leabhar ar fáil freisin ó leabharbreac.com saor ó phostas. (...ar lean) -
Duais leabharbreac.com
Mar chuid de sheoladh an tsiopa ar shuíomh nua leabharbreac.com bronnfar duaiseanna i gcaitheamh mhí Mheán Fomhair ar gach cuistiméar a ordóidh leabhair ar an suíomh. (...ar lean) -
An Chláirseach i nDurham
Sheol Ambasadóir na hÉireann sa Bhreatain leabhar nua Liam Mhic Cóil, An Chláirseach agus an Choróin, ag comhdháil ar cheol agus ar cheoltóirí na hÉireann in Ollscoil Durham Shasana Dé Máirt. (...ar lean) -
Úrscéalaí Nua Farainn
Leabhar eile atá ar na bacán anois, agus a bhfuil súil mhór léi, is ea an chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain. (...ar lean) -
Sasanachas faoi Scrúdú
Tagtha te bruite ó na clódóirí, tá leabhar nua Liam Mhic Cóil An Chláirseach agus an Choróin faoin gcumadóir Éireannach Charles Villiers Stanford agus faoin gceol Gaelach. (...ar lean)


Ceannaigh an leabhar
Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht airgid do Leabhar Breac