údair
Fáilte go leathanach na gcluichí!
Cluichí Gaeilge don teaghlach ar fad ar fáil ó Leabhar Breac — agus seachadadh in aisce ar fud na hÉireann
Ardrí
Sa chluiche cláir spleodrach lándaite seo d’óg agus aosta, caithfimid Fionn mac Cumhaill a thabhairt go cúirt an Ardrí i dTeamhair. Ach, tá a chuid naimhde ag fanacht linn — Goll mac Morna, Conán Maol, an fathach Ailéan, Caol an Iarainn, an Giolla Deacair, ollphéisteanna, arrachtaigh, sluaite sí, cailleachaí, agus go leor leor eile!
Fionn agus a chairde
Dár ndóigh, níl Fionn gan chairde. Le cabhrú leis, tá an banghaiscíoch Bómall, Bodach an Chóta Lachna, an Bradán Feasa, Diarmaid ó Duibhne, agus fiú a chuid madraí dílse, Bran agus Sceolán.

Ar fáil go luath!
Le cabhair ó COGG, tá an cluiche cláir seo á chur ar fáil i gcomhar leis an tsraith nua leabhar 'Fionn'. Tá an chéad dá leabhar sa tsraith ar fáil anois, An Bradán Feasa agus Dóiteoir na Samhna, agus beidh an cluiche cláir ar fáil i siopaí ar fud na tíre faoi Shamhain 2010, nó le fáil tríd an bpost ar an suíomh seo.

nuacht
-
Eagrán bog de Hula Hul
Tá eagrán nua den úrscéal mórdhíola le Seán Mac Mathúna, Hula Hul, ar fáil anois faoi chlúdach bog. €12.00 atá ar an eagrán seo, agus beidh sé ar díol i siopaí leabhar na tíre idir seo agus Nollaig. Tá an leabhar ar fáil freisin ó leabharbreac.com saor ó phostas. (...ar lean) -
Duais leabharbreac.com
Mar chuid de sheoladh an tsiopa ar shuíomh nua leabharbreac.com bronnfar duaiseanna i gcaitheamh mhí Mheán Fomhair ar gach cuistiméar a ordóidh leabhair ar an suíomh. (...ar lean) -
An Chláirseach i nDurham
Sheol Ambasadóir na hÉireann sa Bhreatain leabhar nua Liam Mhic Cóil, An Chláirseach agus an Choróin, ag comhdháil ar cheol agus ar cheoltóirí na hÉireann in Ollscoil Durham Shasana Dé Máirt. (...ar lean) -
Úrscéalaí Nua Farainn
Leabhar eile atá ar na bacán anois, agus a bhfuil súil mhór léi, is ea an chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain. (...ar lean) -
Sasanachas faoi Scrúdú
Tagtha te bruite ó na clódóirí, tá leabhar nua Liam Mhic Cóil An Chláirseach agus an Choróin faoin gcumadóir Éireannach Charles Villiers Stanford agus faoin gceol Gaelach. (...ar lean)


Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht airgid do Leabhar Breac