údair
Fáilte go suíomh idirlín Leabhar Breac!
Gach eolas ar fáil anseo ar na leabhair is mó éilimh, agus ar na foilseacháin is deireanaí chugainn — te bruite ó na clódóirí!
Hula Hul
Seán Mac Mathúna
€12.00 (bog), 104 lch; ISBN 978-0-898332-40-7
"Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d'fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D'fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh le bean." Insíonn Seán Mac Mathúna scéal Mhait Dálaigh, fear nach raibh...
An Chláirseach agus an Choróin
Liam Mac Cóil
€20.00 (bog), 420 lch; ISBN 978-0-898332-45-2
Cumadóir mór ceoil ba ea Charles Villiers Stanford, b’fhéidir gurb é an cumadóir ba mhó é a tháinig as Éirinn riamh. Sa leabhar breá sómasach seo déantar iniúchadh, ní hamháin ar cheol Stanford agus ar cheol na nGael, ach ar chúlra cultúir an chumadóra chlúitigh seo. Go deimhin, ní minic leabhair Ghaeilge ag scrúdú an...
An Cléireach
Darach Ó Scolaí
€15.00 (bog), 208 lch; ISBN 978-0-898332-33-9
Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an...
Cérbh í Meg Russell?
Máire Mhac an tSaoi
€15.00 (bog), 48 lch; ISBN 978-0-898332-325-2
Dearcadh ar shaolré Phiarais Feiritéir agus go háirithe ar an bpáirt inti a bhí ag Richard Boyle, Iarla Chorcaí. Saothar nua ó dhuine de mhórfhilí ár linne, agus leabhar neamhchoitianta a chaitheann solas na scoláireachta ar shaol agus ar aigne na mionuaisle Gaelacha in aimsir an athrú saoil sa 17ú haois. Nasctar stair agus seanchas ann, déantar cur síos mionchúiseach ar...
Luch sa Rang
Máire Ní Ghallchobhair
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-898332-38-4
An séú leabhar maisithe ag Peter Donnelly sa tsraith Lúsaí le Maire Ní Ghallchobhair (don aoisghrúpa 6-7). Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Tugann Bean de Róiste luch ar scoil inniu. ‘Beidh spraoi againn anois,’...
An Bradán Feasa
Darach Ó Scolaí
€7.50 (bog), 40 lch; ISBN 978-0-8983324-2-1
Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin sa tír dó. Ba é Fionn mac Cumhaill an ceannaire a bhí ar an bhFiann.
Ach, ó bhí Fionn ina leanbh, bhí a chuid naimhde ag iarraidh é a mharú agus ceannas na Féinne a...
Fontenoy
Liam Mac Cóil
€12.50 (bog), 192 lch; ISBN 978-0-898332-5-7
An t-úrscéal is deireanaí le Liam Mac Cóil, agus buaiteoir Ghradam Ui Shúilleabháin 2007.
In Chartres na Fraince fuarthas leathanaigh chlóbhuailte ón 18ú haois, agus tagairt d’údar mistéireach na bprofaí seo, an Captaen Seán Ó Raghallaigh. Ábhar an leabhair: Tuarasgbháil ar an gCath clúmhail ris a ráidhtear Fontenoy fearadh i bhFlóndras...

nuacht
-
Eagrán bog de Hula Hul
Tá eagrán nua den úrscéal mórdhíola le Seán Mac Mathúna, Hula Hul, ar fáil anois faoi chlúdach bog. €12.00 atá ar an eagrán seo, agus beidh sé ar díol i siopaí leabhar na tíre idir seo agus Nollaig. Tá an leabhar ar fáil freisin ó leabharbreac.com saor ó phostas. (...ar lean) -
Duais leabharbreac.com
Mar chuid de sheoladh an tsiopa ar shuíomh nua leabharbreac.com bronnfar duaiseanna i gcaitheamh mhí Mheán Fomhair ar gach cuistiméar a ordóidh leabhair ar an suíomh. (...ar lean) -
An Chláirseach i nDurham
Sheol Ambasadóir na hÉireann sa Bhreatain leabhar nua Liam Mhic Cóil, An Chláirseach agus an Choróin, ag comhdháil ar cheol agus ar cheoltóirí na hÉireann in Ollscoil Durham Shasana Dé Máirt. (...ar lean) -
Úrscéalaí Nua Farainn
Leabhar eile atá ar na bacán anois, agus a bhfuil súil mhór léi, is ea an chéad úrscéal le hÉilís Ní Anluain. (...ar lean) -
Sasanachas faoi Scrúdú
Tagtha te bruite ó na clódóirí, tá leabhar nua Liam Mhic Cóil An Chláirseach agus an Choróin faoin gcumadóir Éireannach Charles Villiers Stanford agus faoin gceol Gaelach. (...ar lean)


Ceannaigh an leabhar
Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht airgid do Leabhar Breac