Seán Mac Mathúna
Úrscéalaí, gearrscéalaí, agus drámadóir as Trá Lí i gContae Chiarraí é Seán Mac Mathúna. Bhain sé cáil nach beag amach lena chnuasach gearrscéalta Ding agus Scéalta Eile (1983). Ó shin foilsíodh leabhair leis i nGaeilge agus i mBéarla, agus léiríodh dráma leis Gadaí Géar na Geamhoíche/The Winter Thief in Amharclann na Mainistreach, agus Hula Hul sa Taibhdhearc. Bhuaigh an dara cnuasach gearrscéalta leis Banana Gradam Uí Shúilleabháin i 1999, agus foilsíodh úrscéal gearr leis i 2005, Scéal Eitleáin. Sa bhliain 2008 foilsíodh a úrscéal mórdhíola Hula Hul.
Hula Hul
Seán Mac Mathúna
Ciarraí, 1923. I laethanta deireanacha an chogaidh chathartha tugtar ordú don chaptaen Mait Dálaigh: “An dispatch-box san, caithfidh sé a bheith sa Seanabhaile roimh an gcúigiú lá, sin cúig lá. Agus é seo a thabhairt leat in éineacht — mar phríosúnach.”
I dtraidisiún Dr Zhivago, Gone with the Wind agus For Whom the Bell Tolls insíonn Seán Mac Mathúna scéal Mhait Dálaigh, fear nach raibh riamh le bean; scéal Cháit Bhric, bean óg a bhfuil a saol caite aici ag sclábhaíocht; agus scéal Bhreen, ógánach slachtmhar a bhfuil a chrois féin le hiompar aige trí shneachta shléibhte Chiarraí agus é ina chogadh dearg ar gach taobh de.
“Leabhar aoibhinn....Ní leagfaidh tú uait an leabhar seo. Tá greann, seanbhlas, traidisiún, nualaíocht, nádúr, agus céad ceist nua sa leabhar seo. Dúiseoidh ainmneacha sa leabhar seo taibhsí as beatháisnéisí ón tréimhse sin ort ach is daonna go mór na carachtair anseo.” —Máire Ní Fhinneadha, Foinse
“Tuigeann Mac Mathúna síceolaíocht; tuigeann sé éad, saint, sotal, urraim agus grá, agus bíonn iomlán léir na nithe sin ag iomarscáil lena chéile sna carachtair a chruthaíonn sé.” —Pól Ó Muirí, Beo
“Máistir i mbun pinn.” —Éilís Ní Anluain, The Irish Times
Hula Hul, 2007, clúdach crua, 1-898332-28-2, €15.00
Léigh sliocht as an leabhar
