Le Teacht...

Seacht Siansa Stanford
Leabhar nua le Liam Mac Cóil ina ndéantar, ní hamháin iniúchadh ar an gcumadóir Éireannach Charles Villiers Stanford agus ar a chuid ceoil, ach iniúchadh ar an Éireannachas, ar an nGaelachas féin.

Fanny agus Anna Parnell
An chead leabhar sa tsraith nua Deirfiúracha Éireannacha le hAndrea Nic Thaidhg atá le foilsiú san fhómhar.

Hula Hul
Eagrán nua bog den úrscéal mórdhíola le Seán Mac Mathúna, suite i dTuaisceart Chiarraí i mblianta deireanacha Chogadh na gCarad.

An Luch sa Rang
Leabhar nua sa tsraith pictiúrleabhar 'Lúsaí' le Máire Ní Ghallchobhair.

Mamó agus an Phearóid
Leabhar nua sa tsraith pictiúrleabhar 'Lúsaí' le Máire Ní Ghallchobhair
.

Puisín
Eagrán nua bog den phictiúrleabhar gleoite do pháistí le Sadb Nic Fhionnbhairr.

Constance Markievicz agus Eva Gore Booth
An dara leabhar sa tsraith nua Deirfiúracha Éireannacha le hAndrea Nic Thaidhg.

Scéalta Eile...

suíomh nua dá cuid féin ag an gcarachtar ábhailleach Lúsaí ar an idirlíon, lán le greann agus spraoi do léitheoirí óga. Gach eolas:
www.lusai.ie

Foilseofar sleachta as saothar nua le Seán Mac Mathúna agus le Darach Ó Scolaí san eagrán nua de Bliainisris, Beidh Bliainiris 9 ar fáil roimh dheireadh an tsamhraidh. Is iad Liam Mac Cóil agus Ruairí Ó hUiginn eagarthóirí an tréimhseacháin litríochta seo atá á fhoilsiú le naoi mbliana anuas

Páirteach sa chomhdháil Ealaín ar Oileán i mbliana beidh na scríbhneoirí Éilís Ní Dhuibhne, Dara Ó Conaola agus Tomás Mac Síomóin. Tionólfar an chomhdháil bhliantúil ealaíne in Inis Oírr ón 22-24 Bealtaine. Gach eolas:
www.ealaínaroileán.com.

 

Máire Ní Ghallchobhair

Máire Ní GhallchobhairScríbhneoir leabhar do pháistí agus múinteoir bunscoile í Máire Ní Ghallchobhair. Chomh maith le ceithre leabhar faoin gcailín beag ábhailleach Lúsaí agus a cuid cairde scoile, tá leabhair oideachasúla scríofa aici, agus bhí sí ar dhuine de na húdair a scríobh na leabhair sa tsraith don chúrsa Gaeilge bunscoile 'Séideán Sí'.

Tá Máire ag obair faoi láthair ar dhá leabhar eile sa tsraith Lúsaí, agus ar shraith úrnua leabhar faoin rógaire beag Jeaic agus a mhadra beag draíochta!
Tá cónaí ar Mháire i mBaile Átha Cliath.

Cuair ar an bhFeirmCuairt ar an bhFeirm
Máire Ní Ghallchobhair

An ceathrú leabhar sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana. Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Tá rang Lúsaí ar cuairt ar an bhfeirm inniu.
Tá cuma an-uaigneach ar an tarbh sa pháirc.
Osclaíonn Lúsaí an geata dó.
Is gearr go mbeidh sé ina raic!

ISBN 1‐898332‐30-8
€7.50

Ceannaigh an leabhar

Níl Cead Snámh sa LochNíl Cead Snámh sa Loch
Máire Ní Ghallchobhair

An tríú leabhar sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana. Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Téann rang Lúsaí ar shiúlóid dúlra inniu.
'Fanaigí amach ón uisce,' arsa an maor coille leo.
'Níl cead snámh sa loch.'

Ach an bhfanfaidh gach duine amach ón uisce?

ISBN 1‐898332‐26-8
€7.50

Ceannaigh an leabhar

Amadán AibreáinAmadán Aibreáin
Máire Ní Ghallchobhair

An dara leabhar sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana. Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Tá Lúsaí an-sásta inniu.
An chead lá d'Aibreán atá ann.

'Lá na nAmadán,' arsa Lúsaí. 'Beidh an-spraoi againn inniu.'
ISBN 1‐898332‐23‐1
€7.50

Ceannaigh an leabhar

Ciúnas sa LeabharlannCiúnas sa Leabharlann
Máire Ní Ghallchobhair

An céead leabhar sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana.
Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!
Téann rang Lúsaí go dtí an leabharlann inniu.
'Tógaigí leabhar an duine,' arsa an mháistreás, 'agus bígí ciúin.'
Ach an mbeidh gach duine sa leabharlann ciúin?

ISBN 1‐898332‐22‐3
€7.50

Ceannaigh an leabhar

 

www.lusai.ie

Tá suíomh úrnua ar an idirlíon anois ag an gcailín beag ábhailleach seo, www.lusai.ie. Ar an suíomh, is féidir leathanaigh spraoi a íoslochtú, fios a chur ar fhéilire agus ar ghreamaitheoirí Lúsaí, agus an t-eolas is deireanaí ar Lúsaí agus a cairde a fháil: http://www.lusai.ie