Le Teacht...

Seacht Siansa Stanford
Leabhar nua le Liam Mac Cóil ina ndéantar, ní hamháin iniúchadh ar an gcumadóir Éireannach Charles Villiers Stanford agus ar a chuid ceoil, ach iniúchadh ar an Éireannachas, ar an nGaelachas féin.

Fanny agus Anna Parnell
An chead leabhar sa tsraith nua Deirfiúracha Éireannacha le hAndrea Nic Thaidhg atá le foilsiú san fhómhar.

Hula Hul
Eagrán nua bog den úrscéal mórdhíola le Seán Mac Mathúna, suite i dTuaisceart Chiarraí i mblianta deireanacha Chogadh na gCarad.

An Luch sa Rang
Leabhar nua sa tsraith pictiúrleabhar 'Lúsaí' le Máire Ní Ghallchobhair.

Mamó agus an Phearóid
Leabhar nua sa tsraith pictiúrleabhar 'Lúsaí' le Máire Ní Ghallchobhair
.

Puisín
Eagrán nua bog den phictiúrleabhar gleoite do pháistí le Sadb Nic Fhionnbhairr.

Constance Markievicz agus Eva Gore Booth
An dara leabhar sa tsraith nua Deirfiúracha Éireannacha le hAndrea Nic Thaidhg.

Scéalta Eile...

suíomh nua dá cuid féin ag an gcarachtar ábhailleach Lúsaí ar an idirlíon, lán le greann agus spraoi do léitheoirí óga. Gach eolas:
www.lusai.ie

Foilseofar sleachta as saothar nua le Seán Mac Mathúna agus le Darach Ó Scolaí san eagrán nua de Bliainisris, Beidh Bliainiris 9 ar fáil roimh dheireadh an tsamhraidh. Is iad Liam Mac Cóil agus Ruairí Ó hUiginn eagarthóirí an tréimhseacháin litríochta seo atá á fhoilsiú le naoi mbliana anuas

Páirteach sa chomhdháil Ealaín ar Oileán i mbliana beidh na scríbhneoirí Éilís Ní Dhuibhne, Dara Ó Conaola agus Tomás Mac Síomóin. Tionólfar an chomhdháil bhliantúil ealaíne in Inis Oírr ón 22-24 Bealtaine. Gach eolas:
www.ealaínaroileán.com.

 

Máire Mhac an tSaoi

Scoláire, agus duine de mhórfhilí na Nua-Ghaeilge í Máire Mhac an tSaoi. Ar a saothar tá na cnuasaigh filíochta Codladh an Ghaiscígh (1956), Margadh na Saoire agus Véarsaí Eile (1973), Shoa agus Dánta Eile (1999) chomh maith leis an saothar taighde Dhá Scéal Artúraíochta (1946), an t-úrscéal gearr A Bhean Óg Ón (2001) agus a dírbheatháisnéis The Same Age as the State (2003). Chaith sí tréimhse freisin ar fhoireann an English-Irish Dictionary faoin Ollamh Tomás de Bhaldraithe.
Ag cur síos dó ar a dírbheatháisnéis bhí an méid seo le rá ag an bhfile Seamus Heaney: “There is truth to experience here, a forthrightness about passion and transgression that is thrilling and exemplary.”
Ceapadh ina hOllamh Oinigh le Léann na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, í sa bhliain 2005.

Cérbh í Meg Russell?
Máire Mhac an tSaoi

Saothar nua ó dhuine de mhórfhilí ár linne. Thosaigh Máire Mhac an tSaoi ag bailiú eolais ar Phiaras Feiritéar nuair a bhí sé bliana déag d'aois is níor thráigh a cuid spéise sa bhfile GallGhaelach ó shin. Leabhar neamhchoitianta is ea é seo, a chaitheann solas gléineach na scoláireachta ar shaol agus ar aigne dhúbaltana mionuaisle Gaelacha in aimsir chorraitheach an athrú saoil sa seachtú haois déag. Tá stair agus seanchas nasctha le chéile go hábalta ann, cur síos mionchúiseach ar mhilieu an fhile chomh maith le léargas tuisceanachar choinbhinsiúin liteartha agus bhéasa iompair na linne. Ar deireadh, is scéal bleachtaireachta é a chuireann fuil agus feoil na daonnachta ar chreatlach lom na staire.
Foilsíodh an leabhar seo i gcomhar le hIonad an Léinn Éireannaigh, OÉG.

Léirmheas: The Irish Times, Dé Sathairn 4 Aibreán 2009

This Beautifully illustrated book concerns a romantic interlude in the shared history of early 17th-century Ireland and England. At the heart of the matter is a graceful syllabic poem in Irish by Piaras Feiritéar (1653), accomplished poet of Catholic Old-English stock in West Kerry. Feiritéar wrote it in honour of Meg Russell, the ógh Ghallda or “foreign girl” identified therein as a relation of the contemporary earl of Bedford. This was Francis Russell, the 4th earl.
Máire Mhac an tSaoi makes the case that she was in fact a daughter of Francis Russell. She details the circumstances in which a poem in Irish by a person of “middling rank” might conceivably have been presented to an earl’s daughter born and raised in England.” —
Máirín Ní Dhonnchadha.

Léigh an léirmheas iomlán ar shuíomh an Irish Times.

Nasc le halt ar shuíomh Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Ceannaigh an leabhar