Liam Mac Cóil
Scríbhneoir agus criticeoir is ea Liam Mac Cóil. Tá sé ina chónaí i Ráth Cairn na Mí. Tá leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil, ealaíon agus teilifíse. Ba é a úrscéal An Dochtúir Áthas an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times.
Ó shin foilsíodh úrscéal eile leis, An Claíomh Solais, agus dialann scríbhneoireachta, Nótaí ón Lár. Bhuaigh a úrscéal Fontenoy Gradam Uí Shúilleabháin 2006. Foilseoidh Leabhar Breac leabhar leis ar an gcumadóir Charles Villiers Stanford, Seacht Siansa Stanford, i 2009.
Fontenoy
Liam Mac Cóil
I mbosca 2311 i gcartlann in Chartres na Fraince fuarthas leathanaigh chlóbhuailte i gcló Gaelach ón 18ú haois. Ar an gcéad leathanach tá tagairt d'údar mistéireach na bprofaí seo, an Captaen Seán Ó Raghallaigh. Ábhar an leabhair a bhí idir lámha aige: Tuairisg nó Tuarasgbháil ar an gCath clúmhail ris a ráidhtear Fontenoy fearadh i bhFlóndras san Tír Íochtair san mbliadhain d'aois an Tighearna 1745. Sna leathanaigh seo déantar cur síos ar bhua is ar dhíomua, ar thine ghealáin is ar phaisean is ar ghlóir na cogaíochta.
Ghnóthaigh an t-úrscéal seo Gradam Uí Shúilleabháin 2006.
“The recreation of the world of the Irish soldiers of 250 years ago in their own language is a work of artistry of the first order. There is no other novelist in Irish today who writes with the samecare, precisionand clarity. The novel is a pleasure to read, and is a work of art.” —Alan Titley, The Irish Times
“Ceann des na húrscéalta is fearr agus is cumhachtaí dá bhfuil léite agamsa le fada. Cuimhnigí ar Luimneach! Ceannaigí Fontenoy!” —Tadhg Dubh Ó Cróinín, The Limerick Leader
Tuilleadh eolais
Nótaí ón Lár
Liam Mac Cóil
Baintear úsáid mháistriúil as an dialannaíocht le dul i ngleic le cuid de na fadhbanna is práinní atá os ár gcomhair san aonú haois is fiche. Is beag rud a éalaíonn ón údar — ó fhilíocht Chearúlláin go Streer Parade Zurich, ó Choistí Fiosrúcháin go lomadh an fhéir sa ghairdín cúil. Is iontach mar a thagann an saol príobháideach agus na ceisteanna móra poiblí le chéile sa leabhar seo chun ábhar machnaimh agus mothúcháin a chur ar fáil do gach duine dínn.
Tuilleadh eolais
An Dochtúir Áthas
Liam Mac Cóil
Ba é mo dhochtúir féin a chuir chuige mé.
“Tá galar ort,” a deir sé an lá seo, “nach bhfuil aon ainm air. Tá an Dochtúir Áthas an-sciliúil ina leithéid,” ar seisean. “Tá mé chun tú a chur chuige. Is síocanailíseoir é.”
Is mar sin a thosaíonn an scéal seo; más scéal é.
“Ceann desna húrscéalta is dea-scríofa, is difriúla, is spéisiúla — in aon fhocal amháin, is fearr — a foilsíodh in Éirinn le fada an lá. Coinnítear ar bís thú ó leathanach go leathanach.” —Pearse Hutchinson, RTÉ Guide
“A challenging work which incorporates elements of the best detective writing, large chunks of analysis concernig Freud and psychoanalysis ... some hilarious and delightfully sharp literary and other references as well as plain good fun.” —Seosamh Ó Murchú, The Irish Times
“Scéal soifisticiúil, nua-aimseartha.” —Caoimhe Nic Cába, The Irish Press
Tuilleadh eolais
