Le Teacht...

Seacht Siansa Stanford
Leabhar nua le Liam Mac Cóil ina ndéantar, ní hamháin iniúchadh ar an gcumadóir Éireannach Charles Villiers Stanford agus ar a chuid ceoil, ach iniúchadh ar an Éireannachas, ar an nGaelachas féin.

Fanny agus Anna Parnell
An chead leabhar sa tsraith nua Deirfiúracha Éireannacha le hAndrea Nic Thaidhg atá le foilsiú san fhómhar.

Hula Hul
Eagrán nua bog den úrscéal mórdhíola le Seán Mac Mathúna, suite i dTuaisceart Chiarraí i mblianta deireanacha Chogadh na gCarad.

An Luch sa Rang
Leabhar nua sa tsraith pictiúrleabhar 'Lúsaí' le Máire Ní Ghallchobhair.

Mamó agus an Phearóid
Leabhar nua sa tsraith pictiúrleabhar 'Lúsaí' le Máire Ní Ghallchobhair
.

Puisín
Eagrán nua bog den phictiúrleabhar gleoite do pháistí le Sadb Nic Fhionnbhairr.

Constance Markievicz agus Eva Gore Booth
An dara leabhar sa tsraith nua Deirfiúracha Éireannacha le hAndrea Nic Thaidhg.

Scéalta Eile...

suíomh nua dá cuid féin ag an gcarachtar ábhailleach Lúsaí ar an idirlíon, lán le greann agus spraoi do léitheoirí óga. Gach eolas:
www.lusai.ie

Foilseofar sleachta as saothar nua le Seán Mac Mathúna agus le Darach Ó Scolaí san eagrán nua de Bliainisris, Beidh Bliainiris 9 ar fáil roimh dheireadh an tsamhraidh. Is iad Liam Mac Cóil agus Ruairí Ó hUiginn eagarthóirí an tréimhseacháin litríochta seo atá á fhoilsiú le naoi mbliana anuas

Páirteach sa chomhdháil Ealaín ar Oileán i mbliana beidh na scríbhneoirí Éilís Ní Dhuibhne, Dara Ó Conaola agus Tomás Mac Síomóin. Tionólfar an chomhdháil bhliantúil ealaíne in Inis Oírr ón 22-24 Bealtaine. Gach eolas:
www.ealaínaroileán.com.

 

Darach Ó Scolaí

Darach Ó ScolaíScríbhneoir, drámadóir, ealaíontóir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008.

Léirigh an compántas Salamandar an dráma is deireanaí leis, Craos, agus rinne sé camchuairt na tíre i 2008 (Baile Átha Cliath, Béal Feirste, an tOireachtas i gCorcaigh, agus Conamara). Bhain a dhráma Coinneáil Orainn Duais Bháitéir Uí Mhaicín amach, agus an BBC Stewart Parker Award

Chomh maith le saothar cló agus stáitse, tá scripteanna scríofa aige do dhá ghearrscannán, Cosa Nite (1998) agus An Leabhar (2000).

Tabhair cuairt ar shuíomh an údair.

Tabhair cuairt ar shuíomh Salamandar.

Tabhair cuairt ar shuíomh Ealaín ar Oileán.

An CléireachAn Cléireach
Darach Ó Scolaí

Eagrán nua bog den duaisleabhar mórdhíola. Suitear an t-úrscéal seo in Éirinn agus i Mór-Roinn na hEorpa sna blianta 1622-1667, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thit amach in Earrach na bliana 1650 nuair a cruinnítear buíon bheag d'arm briste na nGael ar thaobh sléibhe in Éirinn agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar an ealaín is ar aislingí.

“Táimid sa phuiteach leo, agus san draoib, agus sa chlabar. Tá leathanaigh anseo nár mhór duit tuáille a tharraingt chugat féin tar éis a léite d'fhonn tú féin a thriomú.... Stíl ghlan láidir.” Alan Titley, Foinse.

“Is iad inchredteacht agus dealraitheacht na scríúbhneoireachtaa mheallann an léitheoir isteach sa scéal sa chéad áit, agus ardsaibhreas agus cruinneas na teanga a chuireann ina luí air go bhfuil sé i gcorplár na cuilithe pé áit a ghluaiseann an t-aicsean.Tadhg Dubh Ó Cróinín, The Limerick Leader

Ghnóthaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008.

Léigh sliocht as an leabhar

Ceannaigh an leabhar

CraosCraos
Darach Ó Scolaí

Suitear an tríú dráma sa triológ Trí Bhraon i mbialann tuaithe ina bhfuil bean an tí, Nóra, i ndomhan fantaisíochta dá cuid féin, agus muintir an tí ar a ndícheall ag iarraidh an saol bréige atá cruthaithe aici di féin a chaomhnú di.
Ach nuair a éiríonn rómhaith leis an gcur i gcéill, agus nuair a shocraíonn Nóra tuilleadh oibre a bhaint as muintir an tí, cuireann an bhean óg, Caitlín, cos i dtaca.“Tá rudaí ag dhul ag athrú sa teach seo,”a deir Caitlín. Agus bydad tá!
Rinne an compántas Salamandar camchuairt na tíre i 2008 leis an dráma seo ar a dtugann Máiréad Ní Chinnéide s
an Irish Times “dráma grinn a bhfuil ábhar machnaimh ann, aisteoireacht den scoth, agus caint spleodrach deisbhéalach”.

Mír as an dráma Craos ar YouTube:

An Braon AníosAn Braon Aníos
Darach Ó Scolaí

Is fada Nóra ag fógairt go bhfuil an leac oighir ag leá ar an Mol Thuaidh. Is fada Micil sínte ar an leaba gan aird uirthi, nó go dtagann an fharraige ag doirteadh isteach sa mhullach air.
Sa dara dráma sa triológ Trí Bhraon, de réir mar atá an taoile ag éirí ar Mhicil agus Nóra déantar plé ar cheisteanna móra an tsaoil: ardú na farraige agus cúlú na Gaeltachta, mná tí cantalacha agus coláistí samhraidh, Osama bin Laden agus an t-Ósón Léar, agus, dár ndóigh, an GRÁ.

“Is beag duine dá chomhaoisigh a bhfuil an chlisteacht chumadóireachta agus an t-imeartas teanga léirithe aige is atá á léiriú anseo arís ag Darach Ó Scolaí.... Salamandar de chic eile do dhrámaíocht na Gaeilge!—Feargal Ó Béarra, Foinse.

Léigh sliocht as an leabhar

Ceannaigh an leabhar

Coinneáil OrainnCoinneáil Orainn
Darach Ó Scolaí

Nuair a théann cigire deireanach na Roinne sa tóir ar an mbeirt chainteoirí dúchasacha deireanacha ardaítear ceisteanna a théann buille beag róghar don chnámh...
Léiríodh an dráma seo den chéad uair sa Taibhdhearc i nGaillimh ar an 5ú Deireadh Fómhair 2005. Ghnóthaigh an script Duais Bháitéir Uí Mhaicín 2004, agus Gradam Stewart Parker 2006.

“Ó Scolaí is relentless in his outspoken observances and criticisms of language policies.... This is a satirical comedy about language, lies, bureaucracy, and Gaeltacht grants that cleverly uses language as the context of the dramatic conflict.”—Norma-Jean Kenny, Galway Advertizer

Léigh sliocht as an leabhar

Ceannaigh an leabhar

CeithearnachAn Ceithearnach Caolriabhach
Darach Ó Scolaí

“Chonaiceadar chucu óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh taobh thair dá thóin, an t-uisce ag plobarnail ina bhróga, barra a dhá chluais amach trína sheanbhrat...”
Scríbhneoir anaithnid a scríobh “An Ceithearnach Caolriabhach” thart faoin mbliain 1500.
Sa leagan nua seo den seanscéal — le peann, le scuab, agus le gártha graosta — déantar ceiliúradh ar chamchuairt ghrinn a thosaigh cúig chéad bliain ó shin agus a bhfuil an oiread gean ag Gaeil uirthi ó shin.

Tuilleadh eolais

Ceannaigh an leabhar

Feis Tigh ChonáinFeis Tigh Chonáin
Darach Ó Scolaí

Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadaas na coille castar isteach i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le feis is bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgirt.
Am éigin sa chreathrú nó sa chúigiú haois déag a scríobhadh Feis Tigh Chonáin Chinn tSléibhe, scéal i dtraidisiún mór na fiannaíochta ar nós Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus Agallamh na Seanórach. Mar atá san Agallamh, is fráma-scéal atá ann, cosúil le Oíche agus Míle na hAráibe is na Peirse, Canterbury Tales Shasana nó Decamaron na hIodáile. Le cúpla céad bliain anuas tá an scéal seo á bhreacadh ag scríobhaithe agus á léamh ag Gaeil cois teallaigh. Sa leagan nua seo le Darach Ó Scolaí tá an scéal curtha in oiriúint do léitheoirí ár linne.

Léigh sliocht as an leabhar

Ceannaigh an leabhar

Cosa Nite
Darach Ó Scolaí

Scéal dubh dorcha lán le greann agus aicsean is ea Cosa Nite, scéal faoi shaint, faoi dhrúis, agus faoi mharú a théann in aimhréidh i dteach ósta ait éigin in iarthar tíre. Dá fhaide a théann muid isteach sa scéal is faide síos a thitimid sa pholl ifreanda seo atá á thochailt dúinn.
Is ar script an ghearrscannáin Cosa Nite le Darach Ó Scolaí (©Rosg 1998) a bunaíodh an t-úrscéal gearr seo. Is í Dearbhla Walsh a stiúraigh an scannán agus Ciarán Ó Cofaigh a léirigh.

Mír as an dráma Craos le feiceáil ar YouTube: